Friday 18 March 2011

Lá 'le Pádraig




Ceapaim gurb é seo an chéad uair go rabhas as baile riamh do Lá ‘le Pádraig.  Ní toisc nach bhféadfainn a bheith scartha ó mo thír dhúchais leis an imeacht a cheiliúradh, a mhalairt i ndáiríre, níl ceiliúradh déanta agamsa ar Lá ‘le Pádraig le fada, nó riamh le bheith fírinneach.

An rud ab aistí ar fad ná éirí ar maidin agus dul isteach ag obair, ag míniú do dhaoine cad é atá i gceist le Lá ‘le Pádraig.  I gcead do mo chomhleacaithe nua, a luaithe is a thuigeadar, guíodh beannachtaí na féile orm.

Cé go raibh sé aisteach dúiseacht i dtír atá go hiomlán clúdaithe i sneachta, agus dul ag scátáil ar an leac oighir ar na cosáin isteach ag obair, is cuimhin liomsa níos mó ná Lá ‘le Pádraig amháin sa bhaile nuair a bhí sé ag cur sneachta.



Só, cad is cóir don exPat a dhéanamh nuair a dhúisíonn sé/sí san Iorua ar Lá ‘le Pádraig?  Bhuel, a bhuíochas le iar chomhleacaí liom, bhí cuireadh ag mé féin agus Henrik dul go fáiltiú in áras an tUasail Gerarld Ansbro, Ambasadóir na hÉireann.

Bhí sé spéisiúl a bheith ag fáiltiú mar seo agus gan a bheith ag cur eagraíocht éigin chun cinn, ach, mar a dúirt Gerald, is lá na ndaoine é Lá ‘le Pádraig agus ba cheart é a cheiliúradh mar sin.  É sin ráite, bhí an chosúlacht ar an scéal gurb maith an deis a bhí san imeacht seo do dhaoine ar mhian leo gnó a bheith acu le chéile, bualadh lena chéile go sóisialta.



Bhuaileamar le roinnt daoine deasa ón Roinn Gnóthaí Eachtracha san Iorua, agus ó Pharlaimint na hEorpa.  D’éisteamar le ceol tradisiúnta agus chonaiceamar rince Gaelach á dhamhsa ag grúpa atá lonnaithe in Oslo.



Agus muid líonta go béal leis an mbia álainn a cuireadh ar fáil dúinn, d’fhágamar ag a sé a chlog le filleadh abhaile do chluiche an-shibhialta scrabble (in Ioruais – tháinig mé sa dara háit – ní raibh sé sin ró olc!!).  Ar ár mbealach abhaile phléamar ár ‘dtroscadh’ a bhriseadh le gloine fíona a ól, nó fiú roinnt seacláide a ithe, ach níorbh a leithéid sin de lá a bhí ann.

Tá paráid sa chathair amárach leis an imeacht a cheiliúradh.  Caithfidh mé a rá go bhfuilimse níos claonta i dtreo dul ag sciáil.  Cén saghas duine atá ionam in aon chor?

No comments:

Post a Comment